
Geabairleog
Briollaic a bhí ann; bhí na tóibhí sleo
ag gírleáil ’s ag gimleáil ar an taof.
B’an-chuama go deo na borragóibh
is bhí na rádaí miseacha ag braíomh.
Fainic an Gheabairleog, a mhic!
na gialla géara, greim na gcrúb!
Fainic an Gumailéan is teith
ó Bhandarsnap na bhfriúch!
Thóg sé bórpalchlaíomh ’na ghlac
is lorg i bhfad an manann-namhaid.
Faoin gcniogaidchrann a dhein sé reast
is mhachnaigh seal san áit.
Is é ’na sheasamh faoi ufmhidheamhain,
bhuifleáil an Gheabairleog an treo,
trín tulach-choill—ba lasta a súil—
is í ag plobaireacht insa ród.
’Aon ’dó, ’aon ’dó, trí fhéith, trí fheoil
do ghearr a bhórpalchlaíomh slis! sleais!
Thit an beithíoch marbh; do thóg sé a cheann,
is go frábhógach rith sé ar ais.
Ar mharaigh tú mar sin an Gheabairleog?
Gabh i leith chúm anall a mhic mo bhéibh!
Nach fraoibiúil an lá! Hurú! Hurá!
a dúirt sé le scliogar a scléip.
Briollaic a bhí ann; bhí na tóibhí sleo
ag gírleáil ’s ag gimleáil ar an taof.
B’an-chuama go deo na borragóibh
is bhí na rádaí miseacha ag braíomh.
— translated by Nicholas Williams.